|
+Airteagal 13 Risíocht ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí a nochtadh |
Airteagal 13 Risíocht ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí a nochtadhAirteagal 13 Risíocht ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí a nochtadh Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 438 a nochtadh, pointe (h), agus in Airteagal 439 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:
(a)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 439, pointí (a) (b), (c) agus (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as tábla EU CCRA d’Iarscríbhinn XXV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXVII a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(b)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 439, pointí (f), (g), (k) agus (m), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CCR1 d’Iarscríbhinn XXV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(c)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 439, pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CCR2 d’Iarscríbhinn XXV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(d)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 439, pointe (l) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléid EU CCR3 agus EU CCR4 d’Iarscríbhinn XXV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(e)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 439, pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CCR5 d’Iarscríbhinn XXV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(f)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 439, pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CCR6 d’Iarscríbhinn XXV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(g)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 438, pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CCR7 d’Iarscríbhinn XXV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(h)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 439, pointe (i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CCR8 d’Iarscríbhinn XXV a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|