|
+Airteagal 7 1. |
Airteagal 7 1.Beidh údaráis inniúla in ann oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu a údarú chun foráil a dhéanamh d’fhoilsiú iarchurtha mionsonraí idirbheart i bhfianaise a gcineáil agus a méide. Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla foilsiú iarchurtha a údarú i ndáil le hidirbhearta atá ar scála mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh don scair, don admháil taisclainne, don ETF, don deimhniú nó don ionstraim airgeadais eile dá samhail, nó don aicme sin de scair, d’admháil taisclainne, de ETF, de dheimhniú nó d’ionstraim airgeadais eile dá samhail. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, gheobhaidh siad formheas roimh ré ón údarás inniúil maidir le socruithe arna mbeartú le haghaidh foilsiú trádála iarchurtha, agus nochtfaidh siad go soiléir na socruithe sin do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin maidir le foilsiú trádála iarchurtha agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas. I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil foilsiú iarchurtha a údarú agus ina n-easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile leis an iarchur sin nó ina n-easaontóidh sé le cur i bhfeidhm iarbhír an údaraithe a deonaíodh, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an cheist a tharchur ar ais chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|