+Airteagal 15 1.
|
Airteagal 15 1.
Déanfaidh inmheánaitheoirí córasacha a gcuid luachana a phoibliú ar bhonn rialta agus leanúnach agus le linn gnáthuaireanta trádála. Féadfaidh siad a luachana a nuashonrú tráth ar bith. Beidh cead acu, faoi dhálaí eisceachtúla sa mhargadh, a luachana a tharraingt siar. Ceanglóidh an Ballstát ar ghnólachtaí a chomhlíonann an sainmhíniú ar inmheánaitheoir córasach fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil. Déanfar fógra den sórt sin a tharchur chuig ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM liosta de na hinmheánaitheoirí córasacha uile san Aontas a bhunú. Déanfaidh na hinmheánaitheoirí córasacha rialacha trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus critéir oibiachtúla maidir le horduithe a fhorghníomhú go héifeachtúil a leagan síos agus a chur chun feidhme. Beidh socruithe i bhfeidhm acu chun a gcuid oibríochtaí teicniúla a bhainistiú go fónta, lena n-áirítear socruithe éifeachtacha teagmhais a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nach bhfeidhmeodh na córais mar ba cheart.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|