+Airteagal 20 Nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha, i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 1a.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.

Airteagal 20 Nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha, i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.
Gnólachtaí infheistíochta, a thabharfaidh i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta maidir le scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádálfar ar ionad trádála, déanfaidh siad méid agus praghas na n-idirbheart sin agus an tráth a tugadh chun críche iad a phoibliú. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú trí APA.
Airteagal 20 1a.
Cuirfear gach idirbheart aonair ar fáil uair amháin go poiblí trí APA aonair.
Airteagal 20 2.
Beidh an fhaisnéis a phoibleofar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus leis na teorainneacha ama a bhfoilseofar í laistigh díobh de réir na gceanglas arna nglacadh de bhun Airteagal 6, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(a). I gcás ina ndéanfar foráil leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 7 do phoibliú iarchurtha le haghaidh catagóirí áirithe idirbhirt i scaireanna, in admhálacha taisclainne, in ETFanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádálfar ar ionad trádála, féadfar leas a bhaint as an bhféidearthacht sin sna hidirbhearta sin nuair a ghabhfar ar láimh iad lasmuigh d’ionaid trádála.
Airteagal 20 3.

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú faoin Airteagal seo, a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd a chinnfear le tosca a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinnfear le tosca eile;

(b) 

cur i bhfeidhm na hoibleagáide faoi mhír 1 maidir le hidirbhearta ina n-úsáidfear na hionstraimí airgeadais sin i gcomhair comhthaobhachta, iasachtaithe nó chun críocha eile ina gcinnfear malartú ionstraimí airgeadais le tosca seachas luacháil reatha margaidh na hionstraime airgeadais.

▼M8 —————

▼B

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.