|
+Airteagal 22b 2. |
Airteagal 22b 2.Bunóidh an Coimisiún sainghrúpa geallsealbhóirí faoin 29 Meitheamh 2024 chun comhairle a sholáthar maidir le cáilíocht agus substaint na sonraí agus maidir le cáilíocht an phrótacail tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 22a(1). Oibreoidh an sainghrúpa geallsealbhóirí agus ÚEUM i ndlúthchomhar le chéile. Déanfaidh an sainghrúpa geallsealbhóirí a chomhairle chur ar fáil don phobal. Beidh an sainghrúpa geallsealbhóirí comhdhéanta de chomhaltaí a mbeidh raon leathan saineolais, scileanna, eolais agus taithí acu chun comhairle leordhóthanach a thabhairt. Roghnófar comhaltaí an tsainghrúpa geallsealbhóirí tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Agus comhaltaí an tsainghrúpa geallsealbhóirí á roghnú aige, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh siad ina léiriú ar éagsúlacht na rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an Aontais. Toghfaidh an sainghrúpa geallsealbhóirí Cathaoirleach as measc a chomhaltaí, ar feadh téarma 2 bhliain. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar Chathaoirleach an tsainghrúpa geallsealbhóirí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air aon uair a iarrfar sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|