|
+Airteagal 32 1. |
Airteagal 32 1.Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid a leanas:
(a)
cibé acu den aicme díorthach a dearbhaíodh faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó faoi fho-thacar ábhartha di, a thrádálfar ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1) den Rialachán seo;
(b)
an dáta nó na dátaí óna mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála, lena n-áirítear aon chéimniú isteach agus catagóirí na gcontrapháirtithe a mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo i gcás ina mbeidh foráil déanta don chéimniú isteach sin agus do na catagóirí contrapháirtithe sin i gcaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí tar éis don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Sula gcuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh, seolfaidh sé comhairliúchán poiblí agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|