|
+Airteagal 35 1. |
Airteagal 35 1.
►M8
Gan dochar d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, glacfaidh CCP le hionstraimí airgeadais a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, gan beann ar an ionad trádála ar a bhforghníomhófar an t-idirbheart. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sa chéad fhomhír maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán. Áiritheoidh an CCP go háirithe go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar chonarthaí arna dtrádáil ar an ionad trádála sin sna téarmaí seo a leanas: ◄
(a)
ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún-amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CCP atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht nó ar in-fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus
(b)
traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CCP céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Féadfaidh CCP a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear na ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh. Níl feidhm ag an gceanglas sa mhír sin maidir le hidirbheart díorthach ar bith atá faoi réir na n-oibleagáidí rochtana faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 cheana féin. Ní bheidh CCP faoi cheangal ag an Airteagal seo má tá dlúthbhaint aige le hionad trádála ar tugadh fógra dó faoi Airteagal 36(5). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|