+Airteagal 38k Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh
---+Airteagal 38k 1.
---+Airteagal 38k 2.
---+Airteagal 38k 3.
---+Airteagal 38k 4.
---+Airteagal 38k 5.
---+Airteagal 38k 6.
---+Airteagal 38k 7.
---+Airteagal 38k 8.
---+Airteagal 38k 9.
---+Airteagal 38k 10.
---+Airteagal 38k 11.

Airteagal 38k Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 38k 1.
I gcás ina n-aimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t-oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bpróiseas maoirseachta ná formheasta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena mbaineann agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar ÚEUM.
Airteagal 38k 2.
Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na líomhaintí maidir le sáruithe a fhiosrú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi fhiosrú a chur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chuid cinntí nó a cuid cinntí san áireamh ann, faoi bhráid ÚEUM.
Airteagal 38k 3.
Chun a chuid cúraimí nó a cuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d.
Airteagal 38k 4.
Agus a chúraimí á ndéanamh aige nó aici, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
Airteagal 38k 5.
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú nó a himscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé nó sí an comhad ina bhfuil a chuid cinntí nó a cuid cinntí a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí nó a cuid cinntí.
Airteagal 38k 6.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir an imscrúdaithee a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal seo.
Airteagal 38k 7.
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh nó a cinneadh a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
Airteagal 38k 8.
Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 38l, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa déanta ag na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 38g.
Airteagal 38k 9.
Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití ÚEUM ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚEUM.
Airteagal 38k 10.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 faoin 1 Deireadh Fómhair 2021 chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na tréimhsí teorann chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
Airteagal 38k 11.
Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n-aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh cion coiriúil. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.