+Airteagal 39a 1.
|
Airteagal 39a 1.
Gnólachtaí infheistíochta atá ag gníomhú thar ceann cliaint miondíola, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe (11) de Threoir 2014/65/AE, nó cliaint ghairmiúla dá dtagraítear i Roinn II d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, ní bhfaighidh siad aon táille, coimisiún ná sochar neamhairgeadaíochta ó aon tríú páirtí as orduithe a fhorghníomhú ó na cliaint sin ar ionad forghníomhaithe ar leith nó as orduithe de chuid na gcliant sin a chur ar aghaidh chuig aon tríú páirtí lena bhforghníomhú ar ionad forghníomhaithe ar leith (“íocaíocht i leith sreabhadh ordaithe”). Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le lacáistí nó lascainí ar tháillí idirbhirt na n-ionad forghníomhaithe, i gcás ina gceadaítear é faoi struchtúr taraife formheasta poiblí ionaid trádála san Aontas nó faoi struchtúr taraife ionaid trádála tríú tír, i gcás nach dtéann siad chun tairbhe ach don chliant. Ní bheidh sochar airgeadaíochta don ghnólacht infheistíochta mar thoradh ar lascainí nó lacáistí den sórt sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|