+Airteagal 40 Cumhachtaí idirghabhála sealadacha ÚEUM
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
---+Airteagal 40 4.
---+Airteagal 40 5.
---+Airteagal 40 6.
---+Airteagal 40 7.
---+Airteagal 40 8.
|
Airteagal 40 Cumhachtaí idirghabhála sealadacha ÚEUM
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 40 1.
|
I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh ÚEUM toirmeasc nó srian sealadach a chur ar na nithe seo a leanas san Aontas:
(a)
margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó ionstraimí airgeadais a bhfuil gnéithe sonraithe ag baint leo; nó
(b)
cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.
Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚEUM.
|
|
Airteagal 40 2.
|
Ní ghlacfaidh ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach amháin mura gcomhlíonar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
go dtabharfaidh an ghníomhaíocht a bheidh beartaithe aghaidh ar ábhar imní nó bagairt suntasach do chosaint infheisteoirí nó d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;
(b)
na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais atá infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais nó maidir leis an ngníomhaíocht i gceist, nach rachaidh siad i ngleic leis an mbaol;
(c)
nach mbeidh údarás inniúil nó údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nó nach leor na gníomhaíochtaí a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin go leordhóthanach.
I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚEUM an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn réamhchúraim a fhorchur sula ndéanfar ionstraim airgeadais a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint.
|
|
Airteagal 40 3.
|
Agus gníomhaíocht á déanamh faoin Airteagal seo, áiritheoidh ÚEUM an méid seo a leanas faoin ngníomhaíocht:
(a)
nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an ngníomhaíocht ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, atá díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht;
(b)
nach gcruthóidh sí riosca arbatráiste rialála; agus
(c)
go ndéanfar an beart tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí poiblí atá inniúil maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, sa chás go mbainfidh an beart le díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta.
I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagal 42, féadfaidh ÚEUM aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 43 a eisiúint.
|
|
Airteagal 40 4.
|
Sula gcinnfear aon ghníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige.
|
|
Airteagal 40 5.
|
Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin fógra faoi aon chinneadh chun aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar tráth i ndiaidh an fógra a fhoilsiú óna mbeidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis do na bearta teacht i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 40 6.
|
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna fhorchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí, agus uair gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an tomhaltóir, féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc nó an sriain.
|
|
Airteagal 40 7.
|
Beidh forlámhas ag gníomhaíocht a ghlacfaidh ÚEUM faoin Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht eile a rinne údarás inniúil roimhe sin.
|
|
Airteagal 40 8.
|
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur san áireamh ag ÚEUM agus iad ag cinneadh cathain a bheidh ábhar mór imní i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó a bheidh baol i gceist maidir le feidhmiú rianúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó le cobhsaíocht chóras iomlán airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó le cobhsaíocht cuid den chóras sin. Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:
(a)
an méid castachta a bhaineann le hionstraim airgeadais agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú nó a dhíol dóibh;
(b)
méid nó luach barúlach a bhaineann le hionstraimí airgeadais a eisiúint;
(c)
a nuála is atá ionstraim airgeadais, gníomhaíocht nó cleachtas;
(d)
an ghiaráil a sholáthraíonn ionstraim airgeadais nó cleachtas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|