|
+Airteagal 46 4. |
Airteagal 46 4.Cuirfidh an gnólacht tríú tír dá dtagraítear i mír 1 a iarratas faoi bhráid ÚEUM tar éis don Choimisiún an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 47 a ghlacadh lena gcinntear go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír ina bhfuil an gnólacht tríú tír údaraithe coibhéiseach leis na ceanglais a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 47(1). Déanfaidh an gnólacht iarrthach tríú tír gach faisnéis is gá chun é a chlárú a sholáthar do ÚEUM. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos faoina mbeidh ar an ngnólacht iarrthach tríú tír faisnéis bhreise a sholáthar. Is ar bhonn na gcoinníollacha atá leagtha amach i mír 2 a dhéanfar cinneadh faoin gclárú. Laistigh de 180 lá oibre tar éis iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don ghnólacht iarrthach tríú tír ar deonaíodh nó nár deonaíodh an clárú agus míniú lán-réasúnaithe á thabhairt ina thaobh. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do ghnólachtaí tríú tír seirbhísí infheistíochta a sholáthar do chontrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, nó gníomhaíochtaí infheistíochta in éineacht le seirbhísí coimhdeachta a fheidhmiú dóibh, ina gcríocha i gcomhréir leis na córais náisiúnta i gcás nár glacadh aon chinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(1), i gcás inar glacadh cinneadh den sórt sin ach nach bhfuil feidhm aige a thuilleadh, nó nach bhfuil na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí lena mbaineann cumhdaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|