+Airteagal 46 5.
|
Airteagal 46 5.
Cuirfidh gnólachtaí tríú tíortha a sholáthraíonn seirbhísí i gcomhréir leis an Airteagal seo in iúl do chliaint atá bunaithe san Aontas, sula soláthrófar aon seirbhísí infheistíochta, nach bhfuil cead acu seirbhísí a sholáthar do chliaint eile seachas contrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus nach bhfuil siad faoi réir maoirseachta san Aontas. Cuirfidh siad in iúl ainm agus seoladh an údaráis inniúil atá freagrach as maoirseacht sa tríú tír. Cuirfear an fhaisnéis sa chéad fhomhír ar fáil i scríbhinn agus ar bhealach feiceálach. Contrapháirtí incháilithe nó cliant gairmiúil de réir bhrí Roinn I d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, i gcás ina dtionscnóidh sé, ar a thionscnamh eisiach féin, seirbhís nó gníomhaíocht infheistíochta a bheidh á soláthar ag gnólacht tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an tseirbhís nó leis an ngníomhaíocht sin a bheith á soláthar ag an ngnólacht tríú tír don duine sin, lena n-áirítear caidreamh a bhaineann go sonrach le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta sin. Gan dochar do chaidreamh inghrúpa, i gcás ina ndéanfaidh gnólacht tríú tír, lena n-áirítear trí eintiteas atá ag gníomhú thar a cheann nó a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnólacht tríú tír sin nó le haon duine eile atá ag gníomhú thar ceann an eintitis sin, cliaint nó cliaint ionchasacha a shireadh san Aontas, ní mheasfar gur seirbhís í sin a soláthraíodh ar thionscnamh eisiach féin an chliaint. Le tionscnamh ó na cliaint sin, ní bheidh an gnólacht tríú tír i dteideal catagóirí nua táirgí infheistíochtaí nó seirbhísí infheistíochta a mhargú don duine aonair sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|