|
+Airteagal 49 2. |
Airteagal 49 2.Gan dochar do mhír 1, déanfaidh ÚEUM clárú gnólachta tríú tír sa chlár arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 48 a tharraingt siar i gcás inar chuir ÚEUM an t-ábhar faoi bhráid údarás inniúil an tríú tír agus nach ndearna an t-údarás inniúil sin na bearta iomchuí is gá chun infheisteoirí nó feidhmiú cuí na margaí san Aontas a chosaint, nó i gcás inar mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an gnólacht tríú tír lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír, nó na coinníollacha faoinar glacadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1), agus go bhfuil feidhm ag ceann de na nithe seo a leanas:
(a)
tá ag ÚEUM cúiseanna a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, lena n-áirítear an fhaisnéis bhliantúil a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 46(6a) ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin, chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht tríú tír, le linn dó seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas, ag gníomhú ar bhealach ar soiléir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna infheisteoirí nó d'fheidhmiú ordúil na margaí;
(b)
tá ag ÚEUM cúiseanna a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, lena n-áirítear an fhaisnéis bhliantúil a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 46(6a) ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin, chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht tríú tír, le linn dó seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas, tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh ar na forálacha is infheidhme maidir leis sa tríú tír agus ar ghlac an Coimisiún an Cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) ina leith. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|