+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh atá ainmnithe in euro laistigh den Aontas i gcás ina mbeidh soláthraí seirbhíse íocaíochta agus go bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra lonnaithe san Aontas, nó i gcás ina mbeidh an t-aon soláthraí seirbhíse íocaíochta (SSI) lena mbaineann an t-idirbheart íocaíochta lonnaithe san Aontas.
|
|
Airteagal 1 2.
|
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
idirbhearta íocaíochta arna ndéanamh idir agus laistigh de SSIanna, lena n-áirítear a ghníomhaithe nó brainsí, ar a gcuntas féin;
(b)
idirbhearta íocaíochta arna bpróiseáil agus arna socrú trí chórais íocaíochta mórluacha, amach ó idirbhearta íocaíochta do dhochair dhíreacha nach mbeidh sé iarrtha ag an íocóir go mbeadh siad treoraithe trí chóras íocaíochta ardluacha;
(c)
idirbhearta íocaíochta trí bhíthin cárta íocaíochta nó feiste comhchosúil, lena n-áirítear aistarraingtí in airgead tirim, ach amháin má úsáidtear an cárta íocaíochta nó an feiste comhchosúil chun faisnéis a bheidh riachtanach a ghiniúint chun aistriú creidmheasa nó dochar díreach a dhéanamh chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó le IBAN, agus ó na cuntas sin;
(d)
idirbhearta íocaíochta trí bhíthin aon fheiste teileachumarsáide, digití nó TF, murar aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN agus ó chuntas den sórt sin a bheidh mar thoradh ar idirbhearta íocaíochta den sórt sin;
(e)
idirbhearta seoltán airgid mar a ndéantar sainmhíniú orthu in Airteagal 4(13) de Threoir 2007/64/CE;
(f)
idirbhearta íocaíochta lena n-aistrítear airgead leictreonach a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air (
1
), ach amháin más aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN nó ó chuntas den sórt sin a bheidh mar thoradh air.
|
|
Airteagal 1 3.
|
I gcás ina mbeidh scéimeanna íocaíochta bunaithe ar idirbhearta íocaíochta trí aistrithe creidmheasa nó trí dhochair dhíreacha, ach má tá gnéithe nó seirbhísí breise roghnacha ag baint leo, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach ar na haistrithe creidmheasa nó na dochair dhíreacha atá mar bhunús leo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0260
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|