|
+Airteagal 4 1. |
Airteagal 4 1.Déanfaidh scéimeanna íocaíochta a bheidh le húsáid ag SSIanna chun críocha aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha a dhéanamh na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
gurb ionann a rialacha d’aistrithe náisiúnta agus trasteorann creidmheasa laistigh den Aontas agus, gurb amhlaidh do dhochair dhíreacha náisiúnta agus trasteorann laistigh den Aontas; agus
(b)
gurb ionann na rannpháirtithe sa scéim íocaíochta agus formhór SSIanna i bhformhór na mBallstát, agus go ndéanann siad suas tromlach na SSIanna laistigh den Aontas, agus SSIanna a dhéanann aistrithe creidmheasa nó dochair dhíreacha faoi seach agus iad sin amháin á gcur san áireamh. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, sa chás nach tomhaltóir an t-íocóir ná an t-íocaí, ní dhéanfar ach na Ballstáit ina ndeánfaidh SSIanna seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil agus na SSIanna sin amháin a chuireann seirbhísí den sórt sin ar fáil a chur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|