5. Nuair a thugann scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí ceadúnas do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta eile ionstraimí íocaíochta cártabhunaithe a eisiúint nó idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a fháil, nó an dá cheann, nó nuair a eisíonn sí ionstraimí íocaíochta cártabhunaithe le comhpháirtí comhbhrandála nó trí ghníomhaire, meastar gur scéim cártaí íocaíochta ceithre pháirtí atá i gceist. Mar sin féin, go dtí an 9 Nollaig 2018 i ndáil le hidirbhearta intíre íocaíochta, féadfar scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí den sórt sin a dhíolmhú ó na hoibleagáidí faoi Chaibidil II, ar an gcoinníoll nach mó, ar bhonn bliana, na hidirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a dhéantar i mBallstát faoi scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí den sórt sin ná 3 % de luach gach idirbhirt íocaíochta cártabhunaithe a dhéantar sa Bhallstát sin.