|
+Airteagal 21 2. |
Airteagal 21 2.I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 1, an chéad fhomhír, pointe (i), déanfaidh an creidiúnaí, saor in aisce agus tráth ar bith i rith ré an chomhaontaithe creidmheasa, ráiteas cuntais i bhfoirm tábla amúchta a chur ar fáil don tomhaltóir. Léireofar sa tábla amúchta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na híocaíochtaí atá dlite agus na tréimhsí agus na coinníollacha a bhaineann le híocaíocht na méideanna sin. Beidh miondealú sa tábla amúchta freisin ar gach aisíocaíocht agus sonrófar sa mhiondealú sin an t-amúchadh caipitil, an t-ús a ríomhfar ar bhonn an ráta iasachta agus, i gcás inarb infheidhme, aon chostas breise. I gcás nach mbeidh an ráta iasachta seasta nó ina bhféadfar na costais bhreise a athrú faoin gcomhaontú creidmheasa, léireofar sa tábla amúchta, go soiléir agus go gonta, nach leanfaidh na sonraí atá sa tábla de bheith bailí ach amháin go dtí go ndéanfar an ráta iasachta nó na costais sin a athrú i gcomhréir leis an gcomhaontú creidmheasa. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|