Airteagal 49
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sásraí éifeachtacha ag lucht déanta beartas, na FIUnna, na maoirseoirí agus údaráis inniúla eile a bhfuil baint acu le AML/CFT, chomh maith le húdaráis chánach agus údaráis forfheidhmithe an dlí nuair a bhíonn siad ag gníomhú laistigh de raon feidhme na Treorach seo, chun a chumasú dóibh obair i gcomhar lena chéile agus comhordú a dhéanamh ar bhonn intíre maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartais agus gníomhaíochtaí chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-airítear d’fhonn a n-oibleagáid faoi Airteagal 7 a chomhlíonadh.