Ní chuirfidh mír 1 cosc ar na húdaráis inniúla faisnéis a mhalartú le chéile nó faisnéis a tharchur chuig BERS, ÚBE nó chuig an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“ÚEUM”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
17
) i gcomhréir leis an Treoir seo, le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
18
), le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, le hAirteagail 31, 35 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus le hAirteagail 31 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, le Treoir (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
19
) agus le treoracha eile is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Beidh an fhaisnéis sin faoi réir mhír 1.