+Article 98 8.

Article 98 8.

Measúnóidh ÚBE an bhféadfaí rioscaí comhshaoil, sóisialta, agus rialachais (rioscaí ESG) a áireamh san athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla.

Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sa mheasúnú a dhéanfaidh ÚBE:

(a) 

sainmhíniú aonfhoirmeach a cheapadh ar an ní is rioscaí ESG ann, lena n-áirítear rioscaí fisiciúla agus rioscaí eatramhacha; is éard a bheidh sa mhéid réamhráite na rioscaí a bhaineann le dímheas sócmhainní dar siocair athruithe rialála;

(b) 

critéir iomchuí cháilíochta agus chainníochta a cheapadh chun measúnú a dhéanamh thionchar na rioscaí ESG ar chobhsaíocht airgeadais na n-institiúidí go gearrthéarmach, go meántéarmach, agus go fadtéarmach; áireofar ar chritéir den sórt sin próisis tástála struis agus cásanailísí chun tionchar na rioscaí ESG i ndálaí difriúla nach ionann déine dóibh a mheasúnú;

(c) 

na socruithe, próisis, sásraí, agus straitéisí nach mór do na hinstitiúidí a chur chun feidhme d'fhonn rioscaí ESG a shainaithint, a mheasúnú, agus a bhainistiú;

(d) 

na modheolaíochtaí agus uirlisí anailíse lena measúnaítear tionchar na rioscaí ESG ar ghníomhaíochtaí iasachta agus eadránaíochta airgeadais na n-institiúidí.

Cuirfidh ÚBE tuarascáil ina mbeidh chuid torthaí faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa, agus na Comhairle tráth nach déanaí ná 28 Meitheamh 2021.

Bunaithe ar thorthaí na tuarascála sin, féadfaidh ÚBE, más iomchuí, treoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir le hiniamh na rioscaí ESG san athbhreithniú maoirseachta agus próiseas meastóireachta a dhéanfaidh na húdaráis inniúla.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.