I gcás inar máthairinstitiúid creidmheasa i mBallstát é nó inar máthairinstitiúid creidmheasa AE é máthairghnóthas, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar an máthairinstitiúid creidmheasa sin nó ar an máthairinstitiúid creidmheasa AE sin a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
I gcás inar máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát é nó inar máthairghnólacht infheistíochta AE é máthairghnóthas, agus nach institiúid creidmheasa ceann ar bith dá fhochuideachtaí, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar an máthairghnólacht infheistíochta sin sa Bhallstát nó ar an máthairghnólacht infheistíochta AE sin ar bhonn aonair a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
I gcás inar máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát é nó inar máthairghnólacht infheistíochta AE é máthairghnóthas, agus nach institiúid creidmheasa ceann amháin ar a laghad dá fhochuideachtaí, is é údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa, nó i gcás ina bhfuil roinnt institiúidí creidmheasa ann, is é údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa ar mó méid iomlán a cláir comhardaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.