|
+Article 131 2a. |
Article 131 2a.Is ar na catagóirí seo a leanas a bheidh modheolaíocht an tsainaitheantais do G-SIInna bunaithe:
(a)
na catagóirí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 2 den Airteagal seo;
(b)
gníomhaíocht trasteorann an ghrúpa, gan gníomhaíochtaí an ghrúpa ar fud na mBallstát rannpháirteach a áireamh dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 36 ). Beidh ualú comhionann ag gach catagóir agus beidh sé comhdhéanta de tháscairí inchainníochtúla. I gcás na gcatagóirí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, is ionann na táscairí agus na táscairí comhfhreagracha arna gcinneadh de bhun mhír 2. Déanfaidh an mhodheolaíocht bhreise sainaitheantais scór foriomlán breise a sholáthar do gach eintiteas dá dtagraítear i mír 1 ar a ndearnadh measúnú, ar dá bhonn a fhéadfaidh údaráis inniúla nó údaráis ainmnithe ceann de na bearta a ghlacadh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 10. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|