|
+Article 131 8. |
Article 131 8.Gan dochar d'Airteagal 133 agus do mhír 5 den Airteagal seo, i gcás inar fochuideachta de G-SII nó de O-SII é O-SII, ar institiúid nó grúpa é ar a bhfuil máthairinstitiúid AE i gceannas, agus atá faoi réir mhaolán O-SII ar bhonn comhdhlúite, ní bheidh an maolán a bhfuil feidhm aige ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite maidir le O-SII níos mó ná pé acu is lú:
(a)
suim an ráta mhaolánaigh is airde i gcás G-SII nó O-SII i dtaca leis an ráta maolánach is infheidhme maidir leis an ngrúpa ar bhonn comhdhlúite agus 1 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
(b)
3 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó an ráta a d'údaraigh an Coimisiún le cur i bhfeidhm ar an ngrúpa ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le mír 5a den Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|