|
+Article 131 10. |
Article 131 10.Gan dochar do mhíreanna 1 agus 9, agus é ag úsáid na bhfochatagóirí agus na scoithscór dá dtagraítear i mír 9, agus breithiúnas iontaofa maoirseachta á thabhairt aige, féadfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
G-SII a athdháileadh ó fhochatagóir níos ísle go fochatagóir níos airde;
(b)
eintiteas dá dtagraítear i mír 1 ag a bhfuil scór foriomlán dá dtagraítear i mír 2 atá níos ísle ná scoithscór na fochatagóire is ísle a leithdháileadh ar an bhfochatagóir sin nó ar fhochatagóir níos airde, rud a fhágann go ndéanfar é a ainmniú mar G-SII;
(c)
agus an Sásra Réitigh Aonair á chur san áireamh, ar bhonn an scóir fhoriomláin breise dá dtagraítear i mír 2a, G-SII a athdháileadh ó fhochatagóir níos airde go fochatagóir níos ísle. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|