|
+Article 141 5. |
Article 141 5.Beidh sa tsuim atá le hiolrú i gcomhréir le mír 4 na nithe seo a leanas:
(a)
aon bhrabúis eatramhacha nach n-áirítear ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar glanbhrabúis iad i ndáil le haon dáileachán brabús nó aon íocaíocht a bheidh ann mar thoradh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo; móide
(b)
aon bhrabúis deiridh bliana nach n-áirítear ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar glanbhrabúis iad i ndáil le haon dáileachán brabús nó aon íocaíocht a bheidh ann mar thoradh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo; lúide
(c)
méideanna a bheadh le híoc i gcáin dá mba rud é go mbeadh na hítimí a shonraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo le coimeád. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|