|
+Airteagal 141b 6. |
Airteagal 141b 6.Déanfar an fachtóir dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh mar seo a leanas:
(a)
i gcás ina mbeidh caipiteal Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais a chomhlíonadh faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo agus aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach le pointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) den Rialachán sin, laistigh den chéad cheathairíl (is é sin, an ceann is ísle) den cheanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, is é 0 an fachtóir a bheidh ann;
(b)
i gcás ina mbeidh caipiteal Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais a chomhlíonadh faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo agus aghaidh á tabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach le pointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) den Rialachán sin, laistigh den dara ceathairíl den cheanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, is é 0,2 an fachtóir a bheidh ann;
(c)
i gcás ina mbeidh caipiteal Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais a chomhlíonadh faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo agus aghaidh á tabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach le pointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) den Rialachán sin, laistigh den tríú ceathairíl den cheanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, is é 0,4 an fachtóir a bheidh ann;
(d)
i gcás ina mbeidh caipiteal Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais a chomhlíonadh faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo agus aghaidh á tabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach le pointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) den Rialachán sin, laistigh den cheathrú ceathairíl (is é sin, an ceann is airde) den cheanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, is é 0,6 an fachtóir a bheidh ann. Déanfar cuimsí íochtair agus uachtair gach ceathairíle den cheanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe a ríomh mar seo a leanas: i gcás: Qn = orduimhir na ceathairíle lena mbaineann.’ 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|