|
+Article 33 4. |
Article 33 4.Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, fiú i gcás nach gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) nó pointe (d) d'Airteagal 1(1) na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1), féadfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) nó pointe (d) d'Airteagal 1(1), má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a)
is eintiteas réitigh é an t-eintiteas;
(b)
comhlíonann ceann amháin nó níos mó d'fhochuideachtaí an eintitis sin ar institiúidí iad, ach nach eintitis réitigh iad, na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1);
(c)
tá an oiread sin sócmhainní agus dliteanas ag na fochuideachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) go gcuirfeadh cliseadh na bhfochuideachtaí sin an grúpa réitigh i mbaol ar an iomlán agus is gá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil leis an eintiteas chun go réiteofar na fochuideachtaí sin ar institiúidí iad nó chun go réiteofar an grúpa réitigh ábhartha ar an iomlán. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|