|
+Airteagal 44a 1. |
Airteagal 44a 1.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh díoltóir dliteanas incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas pointe (b) d'Airteagal 72a(1), agus míreanna (3) go (5) d'Airteagal 72b den Rialachán sin, na dliteanais sin a dhíol le cliant miondíola, mar a shainmhínítear i bpointe 11 d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ach amháin ar choinníoll go sásaítear na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
tá tástáil oiriúnachta curtha i gcrích ag an díoltóir i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Threoir 2014/65/AE;
(b)
tá an díoltóir sásta, bunaithe ar an tástáil dá dtagraítear i bpointe (a), go n-oireann na dliteanais incháilithe sin don chliant miondíola sin;
(c)
tá doiciméadú déanta ag an díoltóir ar an oiriúnacht i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE. In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) go (c) den fhomhír sin i dtaca le díoltóirí ionstraimí eile a cháilíonn mar chistí dílse nó mar dhliteanais in-fhortharrthála. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|