|
+Airteagal 45a 1. |
Airteagal 45a 1.D'ainneoin Airteagal 45, déanfaidh na húdaráis réitigh institiúidí creidmheasa morgáiste a mhaoinítear le bannaí faoi chumhdach nach bhfuil cead acu, de réir an dlí náisiúnta, taiscí a fháil a dhíolmhú ón gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45(1) ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a)
foirceannfar na hinstitiúidí sin in himeachtaí náisiúnta dócmhainneachta, nó i gcineálacha eile imeachtaí a leagtar síos do na hinstitiúidí sin agus a chuirfear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 38, Airteagal 40 nó Airteagal 42; agus
(b)
áiritheofar leis na himeachta dá dtagraitear i mír (a), go n-iompróidh creidiúnaithe na n-institiúidí sin, lena n-áirítear sealbhóirí bannaí faoi chumhdach, i gcás inarb ábhartha, caillteanais ar shlí a chomhlíonfadh cuspóirí réitigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|