|
+Airteagal 128a 5. |
Airteagal 128a 5.Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 33a(8), 35(1), 83(4) agus 112(1) den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás réitigh a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile na hinstitiúide ábhartha lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide ábhartha, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), den Rialachán sin;
(iii)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(iv)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|