+Airteagal 3 Cuntasacht na nÚdarás
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
---+Airteagal 3 7.
---+Airteagal 3 8.
---+Airteagal 3 9.
|
Airteagal 3 Cuntasacht na nÚdarás
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Beidh na hÚdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 2(2) cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Beidh an Banc Ceannais Eorpach cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú na gcúraimí maoirseachta a chuirtear air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 i gcomhréir leis an Rialachán sin.
|
|
Airteagal 3 2.
|
I gcomhréir le hAirteagal 226 CFAE, comhoibreoidh an tÚdarás go hiomlán le Parlaimint na hEorpa le linn aon imscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal sin.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le déanamh dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé, faoin 15 Meitheamh gach bliain, an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, beidh an Cathaoirleach rannpháirteach in éisteacht os comhair Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmíocht an Údaráis. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair sa bhliain. Nuair a iarrfar air nó uirthi déanfaidh an Cathaoirleach ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa agus freagróidh sé aon cheist a chuirfidh a feisirí air.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Deánfaidh an Cathaoirleach tuarascáil i scríbhinn maidir le gníomhaíochtaí an Údaráis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrtar sin air, agus déanfaidh sé an méid sin 15 lá ar a laghad sula ndéanfaidh sé an ráiteas dá dtagraítear i mír 4.
|
|
Airteagal 3 6.
|
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 11 go 18, agus in Airteagail 20 agus 33, beidh aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc san áireamh sa tuarascáil freisin.
|
|
Airteagal 3 7.
|
Tabharfaidh an tÚdarás freagra ó bhéal nó freagra i scríbhinn ar aon cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air, laistigh de chúig seachtaine tar éis an cheist a fháil.
|
|
Airteagal 3 8.
|
Arna iarraidh sin, déanfaidh an Cathaoirleach pléití rúnda ó bhéal i seomra iata leis an gCathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh agus Comhordaitheoirí choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Urramóidh gach rannpháirtí na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil.
|
|
Airteagal 3 9.
|
Gan dochar dá oibleagáidí rúndachta a eascraíonn ó bheith páirteach i bhfóraim idirnáisiúnta, cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa ar an eolas, arna iarraidh sin di, faoin méid a bhfuil sé ag cur le ionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|