+Airteagal 8 Cúraimí agus cumhachtaí an Údaráis
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 1a.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
|
Airteagal 8 Cúraimí agus cumhachtaí an Údaráis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Údarás:
▼M8
(a)
bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) , rannchuidiú le caighdeáin agus cleachtais choiteanna ardcháilíochta rialála agus mhaoirseachta a bhunú, go háirithe le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí a fhorbairt;
(aa)
lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil ina bhfuiltear chun na cleachtais mhaoirseachta ab fhearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí;
▼M8
(ab)
lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le réiteach institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil ina bhfuiltear leis na cleachtais ab fhearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta le haghaidh réitigh a leagan amach agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, obair an Bhoird Réitigh Aonair, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na rannpháirtithe agus na margaí airgeadais sa mhargadh airgeadais;
▼M8
(b)
Rannchuidiú a thabhairt maidir le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach le dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta, lena n-áirithítear go gcuirtear na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, arbatráiste rialála a chosc, idirghabháil mhaoirseachta a chothú agus faireachán a dhéanamh orthu, idirghabháil a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na n-údarás inniúil, maoirseacht éifeachtach agus chomhsheasmhach institiúidí margaidh airgeadais a áirithiú, feidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a áirithiú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, inter alia, i staideanna éigeandála;
▼M1
(c)
tarmligean cúraimí agus freagrachtaí a éascú i measc údarás inniúil;
▼B
(d)
comhoibriú go dlúth le BERS, go háirithe tríd an bhfaisnéis a sholáthar do BERS atá riachtanach chun a chúraimí a bhaint amach agus trína áirithiú go ndéantar de réir rabhadh agus moltaí ó BERS;
▼M8
(e)
(e) athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a eagrú agus a chur i gcrích agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte nó moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, agus é mar aidhm comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;
(f)
faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i ndáil treochtaí sa chreidmheas, go háirithe, do theaghlaigh agus FBManna agus i seirbhísí nuálacha airgeadais agus forbairtí i ndáil le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais á mbreithniú mar is cuí;
(g)
anailísí a dhéanamh ar na margaí chun sochair feidhmeanna an Údaráis maidir le hurscaoileadh;
(h)
cosaint a chothú, i gcás inarb iomchuí, le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí, go háirithe maidir le heasnaimh i gcomhthéacs trasteorann agus maidir le rioscaí gaolmhara a chur san áireamh;
▼M1
(i)
feidhmiú comhsheasmhach comhleanúnach na gcoláistí maoirseoirí a chur chun cinn, faireachán, measúnú agus tomhas ar an riosca sistéamach a chur chun cinn, forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh a chur chun cinn, lena soláthraítear ardleibhéal cosanta do thaisceoirí agus d'infheisteoirí ar fud an Aontais agus lena bhforbraítear modhanna chun institiúidí airgeadais atá ag cliseadh a réiteach agus measúnú a dhéanamh ar an ngá le hionstraimí maoiniúcháin iomchuí a chur chun cinn, d'fhonn comhar a chothú idir údaráis inniúla a bhfuil baint acu le bainistíocht géarchéime maidir le hinstitiúidí airgeadais trasteorann a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ag baint leo, i gcomhréir le hAirteagal 21 go hAirteagal 26;
▼M8
(ia)
rannchuidiú le bunú straitéis choiteann sonraí airgeadais an Aontais;
▼B
(j)
aon chúraimí sonracha eile a leagtar amach sa Rialachán seo nó i ngníomhartha reachtacha eile a chomhall;
(k)
faisnéis a bhaineann lena réimse gníomhaíochta, go háirithe faisnéis, laistigh dá réimse inniúlachta, faoi institiúidí airgeadais cláraithe, a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus an fhaisnéis sin a uasdátú go rialta, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis sin;
▼M8
(ka)
gach caighdeán rialála teicniúil, gach caighdeán, treoirlíne, moladh agus ceisteanna agus freagraí maidir le gach gníomh reachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus a nuashonrú go tráthrialta, lena n-áirítear forbhreathnuithe a bhaineann le staid na himeartha i leith obair leanúnach agus an t-uainiú atá beartaithe do ghlacadh na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus na gcaighdeán teicniúil cur chun feidhme;
▼M1 —————
▼M10 —————
|
|
Airteagal 8 1a.
|
Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:
(a)
úsáidfidh sé gach cumhacht a chuirfear ar fáil dó; agus
▼M8
(b)
agus an aird chuí á tabhairt ar an gcuspóir chun sábháilteacht agus fóntacht na n-institiúidí creidmheasa a áirithiú, tabharfaidh sé lánaird ar chineálacha, shamhlacha gnó agus mhéideanna éagsúla na n-institiúidí airgeadais; agus
▼M8
(c)
nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Chun na cúraimí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, beidh na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo ag an Údarás, go háirithe cumhachtaí:
(a)
chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 10;
(b)
chun dréachchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 15;
(c)
chun treoirlínte agus moltaí a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16;
▼M8
(ca)
moltaí a eisiúint mar a leagtar síos in Airteagal 29a;
▼B
(d)
chun moltaí a eisiúint i gcásanna sonracha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 17(3);
▼M8
(da)
rabhaidh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 9(3);
▼B
(e)
chun cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig údaráis inniúla a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 19(3);
(f)
i gcásanna a bhaineann le dlí an Aontais atá infheidhme go díreach, cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig institiúidí airgeadais a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 17(6), in Airteagal 18(4) agus in Airteagal 19(4);
▼M8
(g)
tuairimí a eisiúint chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, nó chuig an gCoimisiún de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 16a;
▼M8
(ga)
chun freagraí ar cheisteanna a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16b;
(gb)
gníomh i gcomhréir le hAirteagal 9c;
▼B
(h)
an fhaisnéis is gá maidir le hinstitiúidí airgeadais a bhailiú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 35;
(i)
modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht atá ag saintréithe táirge agus ag próisis dáiliúcháin ar staid airgeadais institiúidí agus ar chosaint do thomhaltóirí;
(j)
bunachar sonraí a sholáthar, agus rochtain lárnach air, ar bunachar sonraí éde na hinstitiúidí airgeadais cláraithe ina réimse inniúlachta i gcás ina sonraítear amhlaidh sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
|
|
Airteagal 8 3.
|
Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú aige, gníomhóidh an tÚdarás ar bhonn an chreata reachtaigh agus laistigh de theorainneacha an chreata reachtaigh agus beidh aird iomchuí aige ar phrionsabail na comhréireachta agus na rialála níos fearr, lena n-áirítear torthaí anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na comhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagail 10, 15, 16 agus 16a chomh leathan is féidir chun a áirithiú go n-úsáidfear cur chuige cuimsitheach i leith na bpáirtithe leasmhara uile agus gur féidir go mbeidh achar ama réasúnta ag na páirtithe leasmhara chun freagra a thabhairt. Foilseoidh an tÚdarás achoimre ar an ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara agus forbhreathnú ar conas a úsáideadh faisnéis agus tuairimí a bailíodh ón gcomhairliúchán i ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|