+Airteagal 18 Gníomhaíocht i staideanna éigeandála
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.

Airteagal 18 Gníomhaíocht i staideanna éigeandála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
I gcás ina dtarlaíonn forbairtí dochracha a d'fhéadfadh feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cobhsaíocht cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol, déanfaidh an tÚdarás aon ghníomhaíochtaí a dtugann na húdaráis inniúla maoirseachta ábhartha fúthu a éascú go gníomhach agus, más gá, a chomhordú.

Chun a bheith in ann an ról sin maidir le héascú agus comhordú a chomhlíonadh, cuirfear an tÚdarás ar an eolas go hiomlán maidir le haon fhorbairtí ábhartha, agus iarrfaidh na húdaráis inniúla maoirseachta ábhartha air páirt a ghlacadh mar bhreathnóir in aon chruinniú ábhartha.

Airteagal 18 2.

Tar éis iarraidh a fháil ón Údarás, ón gCoimisiún nó ón BERS, féadfaidh an Chomhairle, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an BERS agus, i gcás inarb iomchuí, leis na ÚMEanna, cinneadh a ghlacadh a bheidh dírithe ar an Údarás agus lena gcinnfear go bhfuil staid éigeandála ann chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gcinneadh sin ag eatraimh iomchuí agus uair amháin sa mhí ar a laghad. Más rud é nach ndéantar athnuachan ar an gcinneadh ag deireadh tréimhse míosa, rachaidh an cinneadh in éag go huathoibríoch. Féadfaidh an Chomhairle, aon tráth, a dhearbhú nach ann don staid éigeandála a thuilleadh.

Más rud é go measann an BERS nó an tÚdarás go bhféadfadh staid éigeandála teacht chun cinn, eiseoidh sé moladh rúnda a bheidh dírithe ar an gComhairle agus déanfaidh sé measúnú ar an staid a sholáthar don Chomhairle. Déanfaidh an Chomhairle a mheas ansin an gá cruinniú a thionól. Sa phróiseas sin, ráthófar cúram cuí maidir le rúndacht.

Má chinneann an Chomhairle go bhfuil staid éigeandála ann, cuirfidh sé an méid sin in iúl go cuí agus gan mhoill do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.

Airteagal 18 3.
I gcás ina mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus in imthosca eisceachtúla, inar gá gníomhaíocht chomhordaithe de chuid na n-údarás inniúil chun freagairt d’fhorbairtí díobhálacha a d’fhéadfadh feidhmiú rianúil nó sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas cosaint custaiméirí agus tomhaltóirí, nó cobhsaíocht cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol, féadfaidh an tÚdarás cinntí ar leith a ghlacadh lena gceanglófar ar údaráis inniúla an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairtí den sórt sin trína áirithiú go gcomhlíonfaidh na hinstitiúidí airgeadais agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha sin.
Airteagal 18 4.
Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, más i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis dá dtagraítear i mír 3 laistigh den tréimhse a leagtar síos sa chinneadh sin, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil na ceanglais ábhartha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear i gcaighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), infheidhme go díreach maidir le hinstitiúidí airgeadais, cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoin reachtaíocht sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas áirithe. Ní bheidh feidhm aige seo ach amháin i staideanna ar ina leith nach ndeanann údarás inniúil na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis na gníomhartha sin a chur i bhfeidhm, nó ina gcuireann sé i bhfeidhm iad ar bhealach ar dealraitheach ina leith gur sárú follasach ar na gníomhartha sin é, agus i gcás ina bhfuil gá le leigheas práinneach chun feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais a aisiriú nó chun cobhsaíocht an chórais airgeadais in iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a aisiriú.
Airteagal 18 5.

Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar faoi mhír 4 ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar céanna.

Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le saincheisteanna atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 3 nó mhír 4 comhoiriúnach leis na cinntí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.