+Airteagal 25 Nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 1a.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.

Airteagal 25 Nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Rannchuideoidh an tÚdarás le forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh le haghaidh institiúidí airgeadais ar pleananna iad atá éifeachtach comhsheasmhach agus cothrom le dáta agus glacfaidh sé páirt ghníomhach san fhorbairt agus sa chomhordú sin. Cuideoidh an tÚdarás freisin i gcás ina ndéantar foráil dó sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) le nósanna imeachta i staideanna éigeandála agus bearta coisctheacha a fhorbairt chun an tionchar sistéamach a ghabhann le haon chliseadh a íoslaghdú.
Airteagal 25 1a.
Féadfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí ar an malartú faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha an Bhoird, dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, agus ar an malartú faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanann údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach sa Sásra Réitigh Aonair i réiteach grúpaí trasteorann dóibh a eagrú agus a chur i gcrích chun éifeachtacht agus comhsheasmhacht torthaí a threisiú. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh.
Airteagal 25 2.
Féadfaidh an tÚdarás dea-chleachtais a shainaithint atá dírithe ar éascaíocht a dhéanamh maidir le hinstitiúidí atá lag, agus go háirithe grúpaí trasteorann, a réiteach ar bhealaí trína seachnófar tógálacht, á áirithiú go mbeidh huirlisí cuí, lena n-áirítear acmhainní dóthanacha, ar fáil agus trína gceadófar réiteach na hinstitiúide nó an ghrúpa ar shlí ordúil, chost-éifeachtach agus thráthúil.
Airteagal 25 3.
I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go hAirteagal 15 den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt de réir mar atá sonraithe sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.