|
+Airteagal 29a Tosaíochtaí Maoirseachta straitéiseacha an Aontais |
Airteagal 29a Tosaíochtaí Maoirseachta straitéiseacha an AontaisAirteagal 29a Tosaíochtaí Maoirseachta straitéiseacha an Aontais Tar éis plé a bheith ann sa Bhord Maoirseoirí agus tuairimí ó údaráis inniúla, an obair atá déanta cheana ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus anailís, rabhaidh agus moltaí arna bhfoilsiú ag BERS á gcur san áireamh, sainaithneoidh an tÚdarás, gach trí bliana ar a laghad, faoin 31 Márta, suas le dhá thosaíocht a bheidh ábhartha ar fud an Aontais agus iad ina léiriú ar fhorbairtí agus treochtaí a bheidh ann amach anseo. Déanfaidh na húdaráis inniúla na tosaíochtaí sin a chur san áireamh agus a gcláir oibre á n-ullmhú acu agus tabharfaidh siad fógra ina leith dá réir sin don Údarás. Pléifidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí ábhartha a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla an bhliain dár gcionn agus tiocfaidh sé ar chonclúidí. Déanfaidh an tÚdarás plé ar an obair leantach a bhféadfadh treoirlínte, moltaí d’údaráis inniúla, agus athbhreithnithe piaraí, sa limistéar faoi seach a bheith ina gcuid di. Leis na tosaíochtaí a bheidh ábhartha ar fud an Aontais arna sainaithint ag an Údarás, ní chuirfear bac ar údaráis inniúla a ndea-chleachtais a chur i bhfeidhm, gníomhú ar a dtosaíochtaí agus ar a bhforbairtí breise, agus measfar na sainiúlachtaí náisiúnta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|