+Airteagal 32 Measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear tástálacha struis
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 3a.
---+Airteagal 32 3b.
---+Airteagal 32 4.

Airteagal 32 Measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear tástálacha struis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1.
Déanfaidh an tÚdarás faireachán agus measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), BERS, agus Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na treochtaí ábhartha stuamachta ar an micrileibhéal, na rioscaí agus na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Cuirfidh an tÚdarás san áireamh ina chuid measúnuithe, anailís ar na margaí ina n-oibríonn na hinstitiúidí airgeadais mar aon le measúnú ar thionchar na bhforbairtí a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh ar institiúidí den sórt sin.
Airteagal 32 2.

Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe ar fud an Aontais ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh a thionscnamh agus a chomhordú. Chuige sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a fhorbairt:

(a) 

modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais institiúid airgeadais agus rioscaí a eascraíonn as forbairtí díobhálacha á gcur san áireamh inter alia;

▼M8

(aa) 

modheolaíochtaí coiteanna lena sainaithnítear institiúidí airgeadais a áireofar i measúnuithe ar fud an Aontais;

▼M1

(b) 

cineálacha coiteanna cur chuige cumarsáide maidir leis na torthaí atá ar na measúnuithe sin ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais;

▼M8

(c) 

modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag táirgí áirithe nó ag próisis dáileacháin ar institiúid airgeadais;

(d) 

modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar shócmhainní, de réir mar is gá, chun críche na tástála struis; agus

▼M8

(e) 

modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag rioscaí comhshaoil ar chobhsaíocht airgeadaisinstitiúidí airgeadais.

Chun críocha na míre seo, comhoibreoidh an tÚdarás le BERS.

Airteagal 32 3.

Gan dochar do chúraimí BERS a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, déanfaidh an tÚdarás, uair amháin sa bhliain, agus níos minice ná sin i gcás inar gá, measúnuithe a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS faoi na treochtaí, agus faoi na rioscaí agus na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ina réimse inniúlachta, i dteanna an chláir rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo.

▼B

Sna measúnuithe sin, déanfaidh an tÚdarás aicmiú ar na príomhrioscaí agus na príomhleochaileachtaí agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta coisctheacha agus bearta leasúcháin.

Airteagal 32 3a.
Chun críche measúnuithe a dhéanamh ar fud an Aontais ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais faoin Airteagal seo, féadfaidh an tÚdarás i gcomhréir le hAirteagal 35 agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach ann, faisnéis a iarraidh go díreach ó na hinstitúidí airgeadais sin. Féadfaidh sé a cheangal ar údaráis inniúla freisin athbhreithnithe sonracha a dhéanamh. Féadfaidh sé iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 21 agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach ann chun inchomparáideacht agus iontaofacht modhanna, cleachtas agus torthaí a áirithiú.
Airteagal 32 3b.
Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar institiúidí airgeadais an fhaisnéis nach mór dóibh a sholáthar faoi mhír 3a a chur faoi réir iniúchadh neamhspleách.
Airteagal 32 4.
Áiritheoidh an tÚdarás go bhfuil cuimsiú leordhóthanach á dhéanamh ar na forbairtí trasearnála, ar na rioscaí agus ar na leochaileachtaí trí chomhoibriú go dlúth leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) tríd an gComhchoiste.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.