|
+Airteagal 56 Comhsheasaimh agus comhghníomhartha |
Airteagal 56 Comhsheasaimh agus comhghníomharthaAirteagal 56 Comhsheasaimh agus comhghníomhartha Faoi réir raon feidhme a chúraimí arna leagan amach i gCaibidil II den Rialachán seo, agus go háirithe i leith chur chun feidhme Threoir 2002/87/CE, i gcas inarb ábhartha, tiocfaidh an tÚdarás ar chomhsheasaimh de chomhthoil in éineacht, de réir mar is iomchuí, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí). I gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais, bearta de bhun Airteagail 10 go 16, agus cinntí de bhun Airteagail 17, 18 agus 19 den Rialachán seo ar bearta iad a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2002/87/CE agus aon ghníomh reachtach eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus a thagann faoi réimse inniúlachta an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) nó an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), glacfaidh, de réir mar is cuí, an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) na bearta sin, i gcomhthráth. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|