|
+Article 8a 3. |
Article 8a 3.
(a)
Ní fhéadfar sliotáin arna leithroinnt ar iontrálaí nua mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(b) nó (ba) a aistriú de réir mar a fhoráiltear dóibh i mír 1(b) den Airteagal seo ar feadh tréimhse arb ionann í agus dhá thréimhse sceidealaithe choibhéiseacha, ach amháin i gcás táthcheangal gníomhaíochtaí gnóthais fhéimhithe, rud atá údaraithe de réir an dlí.
(b)
Ní fhéadfar sliotáin arna leithroinnt ar iontrálaí nua mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(b)(ii) agus (iii) nó in Airteagal 2(ba)(ii) a aistriú go haerbhealach eile dá bhforáiltear i mír 1(a) den Airteagal seo do thréimhse arb ionann í agus dhá thréimhse sceidealaithe choibhéiseacha ach amháin dá mba rud é gur tugadh an tosaíocht chéanna don iontrálaí nua ar an aerbhealach nua agus a tugadh dó ar an aerbhealach tosaigh.
(c)
Ní fhéadfar sliotáin arna leithroinnt ar iontrálaí nua mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(b) nó (ba) a mhalartú de réir mar a fhoráiltear dóibh i mír 1(c) den Airteagal seo ar feadh tréimhse arb ionann í agus dhá thréimhse sceidealaithe choibhéiseacha, ach amháin chun amchlár na sliotán a fheabhsú do na seirbhísí seo i ndáil leis na hamchláir a iarradh i dtosach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|