+Airteagal 10ca Spriocdháta níos luaithe le haghaidh leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú

Airteagal 10ca Spriocdháta níos luaithe le haghaidh leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú

Airteagal 10ca

Spriocdháta níos luaithe le haghaidh leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú

De mhaolú ar Airteagal 10c, ní fhéadfaidh na Ballstáit lena mbaineann leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach a thabhairt ach amháin do shuiteálacha i gcomhréir leis an Airteagal sin maidir le hinfheistíochtaí arna ndéanamh go dtí an 31 Nollaig 2024. Maidir le haon lamháltais atá ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 10c don tréimhse ó 2021 go 2030 agus nach n-úsáidtear le haghaidh infheistíochtaí den sórt sin iad, déanfar an méid seo a leanas, sa chion a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann:

(a) 

cuirfear iad le cainníocht iomlán na lamháltas a chuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar ceant de bhun Airteagal 10(2); nó

(b) 

úsáidfear iad chun tacú le hinfheistíochtaí faoi chuimsiú an Chiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an ioncam ó lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10d(4).

Faoin 15 Bealtaine 2024, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi mhéideanna na lamháltas faoi seach atá le húsáid faoi Airteagal 10(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus, de mhaolú ar Airteagal 10d(4), an dara habairt, faoi Airteagal 10d.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.