+Article 16 11a.
|
Article 16 11a.
I gcás cuideachta loingseoireachta a mhainnigh na hoibleagáidí maidir le tabhairt suas a chomhlíonadh ar feadh dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile nó níos mó, agus i gcás inar mhainnigh ag bearta forfheidhmiúcháin eile comhlíontadh a áirithiú, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt teacht isteach, tar éis dó an deis a thabhairt don chuideachta loingseoireachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú díbeartha a eisiúint, a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún, don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), do na Ballstáit eile agus don Bhratstát lena mbaineann. De thoradh ordú díbeartha den sórt sin a eisiúint, diúltóidh gach Ballstát, cé is moite den Bhallstát a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long, cead isteach in aon cheann dá chalafoirt do longa atá faoi fhreagracht na cuideachta loingseoireachta lena mbaineann go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta loingseoireachta a hoibleagáidí tabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12. I gcás ina bhfuil brat Ballstáit ar foluain ag an long agus ina dtagann sí isteach nó ina bhfaightear í i gcalafort dá chuid, coinneoidh an Ballstát lena mbaineann an long sin, i ndiaidh an deis a thabhairt don chuideachta loingseoireachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta loingseoireachta a hoibleagáidí tabhairt suas. I gcás ina ina bhfaightear long de chuid cuideachta loingseoireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gceann de na calafoirt de chuid an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tar éis deis a thabhairt don chuideachta loingseoireachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú coinneála an Bhratstáit a eisiúint go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta loingseoireachta a hoibleagáidí tabhairt suas. Cuirfidh sé an Coimisiún, EMSA agus na Ballstáit eile ar an eolas ina thaobh sin. Mar thoradh ar ordú coinneála an Bhratstáit sin a eisiúint, déanfaidh gach Ballstát na bearta céanna agus a cheanglaítear tar éis ordú díbeartha a eisiúint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an dara habairt. Ní dochar an mhír seo do rialacha idirnáisiúnta muirí is infheidhme i gcás longa atá i nguais.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|