+Airteagal 30j 1.

Airteagal 30j 1.

Féadfaidh na Ballstáit, ó 2027 ar aghaidh, an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a leathnú chuig earnálacha nach bhfuil liostaithe san Iarscríbhinn sin agus sa chaoi sin trádáil astaíochtaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gCaibidil seo in earnálacha den sórt sin, agus na critéir ábhartha go léir á gcur san áireamh, go háirithe na héifeachtaí ar an margadh inmheánach, saobhadh iomaíochta ionchasach, sláine chomhshaoil an chórais trádála astaíochtaí arna bhunú de bhun na Caibidle seo agus iontaofacht an chórais faireacháin agus tuairiscithe atá beartaithe, ar choinníoll go bhformheasfaidh an Coimisiún síneadh na gníomhaíochta dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis an leathnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fhormheas, údarú lamháltas breise a eisiúint agus údarú Ballstát eile chun síneadh ama a chur leis an ngníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a fhormheas. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, féadfaidh an Coimisiún cur leis an síneadh le rialacha breise lena rialaítear bearta chun aghaidh a thabhairt ar chásanna a d’fhéadfadh a bheith ann de chomhaireamh dúbailte, lena n-áirítear lamháltais bhreise a eisiúint chun cúiteamh a dhéanamh ar lamháltais a thugtar suas as úsáid breoslaí i ngníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I. Aon bhearta airgeadais a dhéanfaidh Ballstáit i bhfabhar cuideachtaí in earnálacha agus i bhfo-earnálacha atá neamhchosanta ar fhíor-riosca sceite carbóin i ngeall ar chostais shuntasacha indíreacha a thabhaítear ó chostais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thugtar ar aghaidh i bpraghsanna breosla i ngeall ar an síneadh aontaobhach, beidh siad i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an Státchabhair, agus ní bheidh siad ina gcúis le saobhadh míchuí ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.