+Airteagal 30k Cur ar atráth trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise go dtí 2028 i gcás praghsanna fuinnimh thar a bheith ard
---+Airteagal 30k 1.
---+Airteagal 30k 2.
|
Airteagal 30k Cur ar atráth trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise go dtí 2028 i gcás praghsanna fuinnimh thar a bheith ard
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30k 1.
|
Faoin 15 Iúil 2026, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bhaineann le cé acu ar comhlíonadh ceann amháin nó an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
bhí meánphraghas gáis TTF don sé mhí féilire dar críoch 30 Meitheamh 2026 níos airde ná an meánphraghas gáis TTF i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2022;
(b)
bhí meánphraghas amhola Brent don sé mhí féilire dar críoch 30 Meitheamh 2026 níos mó ná dhá oiread mheánphraghas amhola Brent sna cúig bliana roimhe sin; is éard a bheidh sa tréimhse thagartha cúig bliana an tréimhse cúig bliana a chríochnaíonn roimh an gcéad mhí den tréimhse sé mhí féilire.
|
|
Airteagal 30k 2.
|
I gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin nó an dá cheann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
(a)
de mhaolú ar Airteagal 30c(1), is é 2028 an chéad bhliain ar ina leith a mbunófar cainníocht na lamháltas uile-Aontais agus, de mhaolú ar Airteagal 30c(3), is é 2029 an chéad bhliain ar ina leith a ndéanfar cainníocht na lamháltas uile-Aontais a choigeartú;
(b)
de mhaolú ar Airteagal 30d(1) agus (2), cuirfear tús le ceantáil lamháltas faoin gCaibidil seo siar go 2028;
(c)
de mhaolú ar Airteagal 30d(2), déanfar méideanna na lamháltas breise don chéad bhliain de cheantanna a asbhaint ó na méideanna ceantála le haghaidh na tréimhse ó 2030 go 2032 agus cruthófar na sealúchais tosaigh sa chúlchiste cobhsaíochta margaidh in 2028;
(d)
de mhaolú ar Airteagal 30e(2), cuirfear an spriocdháta chun lamháltais a thabhairt suas den chéad uair siar go dtí an 31 Bealtaine 2029 le haghaidh astaíochtaí iomlána na bliana 2028;
(e)
de mhaolú ar Airteagal 30i, déanfar an spriocdháta don Choimisiún chun tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2029.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|