Airteagal 7
Caidreamh le tríú tíortha Eorpacha
Beidh sé mar aidhm ag an gComhphobal agus ag a chuid Ballstát an t-aerspás Eorpach aonair a leathnú chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, agus tacóidh siad leis an leathnú sin. Chun na críche sin, agus faoi chuimsiú creata comhaontuithe a thabharfar i gcrích le tríú tíortha comharsanacha nó i gcomhthéacs comhaontuithe maidir le bloic feidhme aerspáis, féachfaidh siad le feidhmiú an Rialacháin seo, mar aon leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, a leathnú chuig na tíortha sin.