|
+Airteagal 9a 2. |
Airteagal 9a 2.Beidh feidhm ag na nithe seo a leanas, go háirithe, maidir le bloic feidhme aerspáis:
(a)
tabharfar tacaíocht ina leith le sainchomhad sábháilteachta;
(b)
cumasófar leo gur féidir an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an aerspás, agus na sreabha aerthráchta á gcur san áireamh;
(c)
áiritheofar leo go mbeidh comhsheasmhacht ann le gréasán bealaí na hEorpa arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán aerspáis;
(d)
beidh údar maith leo i ngeall ar a mbreisluach foriomlán, lena n-áirítear an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní teicniúla agus as acmhainní daonna, i bhfianaise anailísí costais agus tairbhe;
(e)
áiritheofar leo go ndéanfar aistriú na freagrachta as rialú aerthráchta idir aonaid seirbhísí aerthráchta ar bhealach rianúil, solúbtha;
(f)
áiritheofar leo go mbeidh comhoiriúnacht idir na cumraíochtaí éagsúla aerspáis, agus go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na Réigiúin Faisnéise Eitilte reatha, inter alia;
(g)
comhlíonfaidh siad coinníollacha a eascróidh as comhaontuithe réigiúnacha arna dtabhairt i gcrích leis an ICAO;
(h)
urramóidh siad comhaontuithe réigiúnacha a bheidh ann cheana ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, go háirithe na comhaontuithe sin lena mbaineann tríú tíortha Eorpacha; agus
(i)
éascóidh siad comhsheasmhacht le spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|