|
+Airteagal 15 2. |
Airteagal 15 2.Cuirfear na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm nuair atá an bonn costais le haghaidh na muirear á bhunú:
(a)
is é a bheidh sa chostas a bheidh le roinnt idir na húsáideoirí aerspáis ná an costas a chinntear i leith soláthair seirbhísí aerloingseoireachta, lena n-áirítear suimeanna iomchuí le haghaidh úis ar infheistíocht chaipitiúil agus dímheasa sócmhainní, mar aon leis na costais chothabhála, oibriúcháin, bainistíochta agus riaracháin. Is é a bheidh sna costais a chinntear ná na costais sin a chinnfidh an Ballstát ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal bloc feidhme aerspáis ag tús na tréimhse tagartha do gach bliain féilire de chuid na tréimhse tagartha dá dtagraítear in Airteagal 11 den chreat-Rialachán nó i rith na tréimhse tagartha, tar éis coigeartuithe iomchuí a dhéanamh lena ndéantar na sásraí foláirimh a leagtar amach in Airteagal 11 den chreat-Rialachán a chur i bhfeidhm;
(b)
is iad na costais atá le cur san áireamh sa chomhthéacs seo ná na costais a mheasúnófar i dtaca leis na saoráidí agus na seirbhísí dá bhforáiltear agus a chuirtear chun feidhme faoi Phlean Réigiúnach Aerloingseoireachta ICAO, Réigiún na hEorpa. Féadfaidh costais arna dtabhú ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus/nó ag eintitis cháilithe a bheith san áireamh iontu freisin, chomh maith le costais eile arna dtabhú ag an mBallstát agus ag an soláthraí seirbhísí ábhartha i ndáil le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta. Ní áireofar iontu costais na bpionós arna bhforchur ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9 den chreat-Rialachán ná costais aon bheart ceartaitheach arna bhforchur ag na Ballstáit de réir Airteagal 11 den chreat-Rialachán;
(c)
i dtaca leis na bloic feidhme aerspáis agus mar chuid dá gcreat-chomhaontuithe faoi seach, déanfaidh na Ballstáit iarrachtaí réasúnacha chun teacht ar chomhaontú faoi na prionsabail choiteanna maidir leis an mbeartas muirearaithe;
(d)
déanfar costas seirbhísí aerloingseoireachta éagsúla a shainaithint ar leithligh óna chéile, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 12(3);
(e)
ní cheadófar tras-fhóirdheontas idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt. Déanfar costais a bhaineann le seirbhísí críochfoirt agus seirbhísí faoi bhealach araon a leithdháileadh ar shlí chionmhar idir na seirbhísí faoi bhealach agus na seirbhísí críochfoirt ar bhonn modheolaíochta trédhearcaí. Ní cheadófar tras-fhóirdheontas idir seirbhísí éagsúla aerloingseoireachta i gceachtar den dá chatagóir sin ach amháin nuair atá údar maith leis ar chúiseanna oibiachtúla, ach sin faoi réir é a shainaithint go soiléir;
(f)
ráthófar trédhearcacht an bhoinn costais maidir le muirir. Déanfar rialacha cur chun feidhme maidir le soláthar faisnéise ag na soláthraithe seirbhísí a ghlacadh chun gur féidir athbhreithnithe a dhéanamh ar réamhaisnéisí, ar chostais iarbhir agus ar ioncam an tsoláthraí. Déanfar faisnéis a mhalartú go rialta idir údaráis mhaoirseachta náisiúnta, soláthraithe seirbhísí, úsáideoirí aerspáis, an Coimisiún agus Eurocontrol. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|