+Airteagal 15a Comhthionscadail
---+Airteagal 15a 1.
---+Airteagal 15a 2.
---+Airteagal 15a 3.
|
Airteagal 15a Comhthionscadail
Comhthionscadail
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15a 1.
|
Féadfaidh comhthionscadail a bheith ina gcabhair le cur chun feidhme rathúil an Mháistirphlean BAT. Beidh tionscadail den sórt sin ina dtacaíocht do chuspóirí an Rialacháin seo chun feabhas a chur ar fheidhmíocht chóras eitlíochta na hEorpa i réimsí tábhachtacha amhail acmhainn agus éifeachtúlacht ó thaobh eitiltí agus costais de chomh maith le hinbhuanaitheacht comhshaoil, ag féachaint do na bunchuspóirí sábháilteachta.
|
|
Airteagal 15a 2.
|
Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, ábhar treorach a fhorbairt maidir leis an tslí ar féidir le tionscadail den sórt sin a bheith ina dtacaíocht do chur chun feidhme an Mháistirphlean BAT. Ní dhéanfaidh ábhar treorach den sórt sin dochar do na sásraí chun tionscadail den sórt sin a imlonnú i ndáil le bloic feidhme aerspáis, faoi mar a bheidh aontaithe ag na páirtithe sna bloic sin.
|
|
Airteagal 15a 3.
|
Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh freisin, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den chreat-Rialachán, comhthionscadail a bhunú le haghaidh feidhmeanna atá bainteach le gréasáin agus a bhfuil tábhacht ar leith leo maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán na bainistíochta aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta san Eoraip. Féadfar comhthionscadail den sórt sin a mheas mar thionscadail a bheidh cáilithe i gcomhair maoinithe Comhphobail laistigh den chreat airgeadais ilbhliantúil. Chuige sin, agus gan dochar d’inniúlacht na mBallstát cinneadh a dhéanamh i dtaobh an chaoi a n-úsáidfidh siad a gcuid acmhainní airgeadais, déanfaidh an Coimisiún anailís neamhspleách costais agus sochair chomh maith leis na comhairliúcháin iomchuí leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 10 den chreat-Rialachán, lena bhfiosrófar na meáin chuí go léir chun a n-imlonnú a mhaoiniú. Déanfar na costais cháilithe a ghabhann le himlonnú comhthionscadal a ghnóthú i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta agus an neamhidirdhealaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.12.2009 00:00:00 -Doknr: CELEX:32004R0550
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|