+Airteagal 16 Comhlíonadh a athbhreithniú
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
|
Airteagal 16 Comhlíonadh a athbhreithniú
Comhlíonadh a athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le hathbhreithniú leanúnach ar chomhlíonadh na bprionsabal agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit. Féachfaidh an Coimisiún leis na sásraí is gá a bhunú d’fhonn úsáid a bhaint as saineolas Eurocontrol agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe in iúl do na Ballstáit, do Eurocontrol agus d’ionadaithe na n-úsáideoirí aerspáis.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó a mheasann nach ndearnadh na prionsabail agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 a chur i bhfeidhm go cuí, nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar aon líomhain nach bhfuiltear ag comhlíonadh nó ag cur i bhfeidhm na bprionsabal agus/nó na rialacha lena mbaineann. Gan dochar d’Airteagal 18(1), roinnfidh an Coimisiún torthaí an imscrúdaithe leis na Ballstáit, le Eurocontrol agus le hionadaithe na n-úsáideoirí aerspáis. Laistigh de dhá mhí ó iarraidh a fháil, agus tar éis éisteacht a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste an Aerspáis Aonair i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den chreat-Rrialachán, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh chur i bhfeidhm Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Rialachán seo agus i dtaobh an bhféadfar leanúint den chleachtas lena mbaineann.
|
|
Airteagal 16 3.
|
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit agus cuirfidh sé an soláthraí seirbhíse ar an eolas faoin gcinneadh, a mhéid atá an cinneadh bainteach go dlíthiúil leis an soláthraí sin. Féadfaidh aon Bhallstát cinneadh an Choimisiúin a tharchur chuig an gComhairle laistigh de mhí amháin. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh atá éagsúil leis an gcinneadh sin a dhéanamh laistigh de mhí amháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.12.2009 00:00:00 -Doknr: CELEX:32004R0550
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|