Airteagal 9
Faoi mhí na Nollag 2021, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise, agus go sonrach ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1), agus na taithí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo a athbhreithniú. Agus é sin á dhéanamh aige, tabharfar aird ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na gComhaontuithe Comhpháirtíochta deonacha. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh an athbhreithnithe gach 5 bliana, agus cuirfear tograí le haghaidh scéim ceadúnúcháin FLEGT a fheabhsú leis na tuarascálacha sin más iomchuí.