|
+Article 14 2a. |
Article 14 2a.Déileálfaidh an Teachtaireacht dá dtagraítear i mír 2 leis na nithe seo a leanas go háirithe:
—
tionchar an Rialacháin seo arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 923/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fomhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 lena mbunaítear dara clár “Marco Polo” chun cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú chun feidhmíocht chomhshaoil an chórais iompair lasta a fheabhsú “Marco Polo II” (
6
),
—
taithí na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Iomaíocht agus Nuálaíocht i dtaca le bainistiú clár,
—
an gá atá le hidirdhealú a dhéanamh idir modhanna iompair, maidir leis na coinníollacha i gcomhair maoinithe, ar bhonn sábháilteachta, feidhmíochta comhshaoil agus éifeachtúlachta fuinnimh,
—
éifeachtacht na ngníomhaíochtaí seachanta tráchta,
—
an gá atá le cúnamh éileamh-bhunaithe a chur ar bun ag céim an iarratais, agus aird á tabhairt ar riachtanais fiontar beag iompair agus micreafhiontar iompair,
—
an cúlú eacnamaíochta a aithint mar chúis eisceachtúil le fad a chur le ré gníomhaíochtaí,
—
ísliú na dtairseach cáilitheachta i gcás gníomhaíochta atá sonrach ó thaobh an táirge de,
—
an fhéidearthacht go ndéanfar spriocanna i gcomhair tairseach íosta maoinithe le haghaidh gníomhaíochtaí atá beartaithe a léiriú i dtéarmaí éifeachtúlachta fuinnimh agus tairbhí comhshaoil, de bhreis ar na tona-chiliméadair a aistrítear,
—
a oiriúnaí atá sé an t-aonad iompair a áireamh sa sainmhíniú ar an téarma “lasta”,
—
infhaighteacht forléargas iomlán bliantúil ar na gníomhaíochtaí a mbeidh cómhaoiniú faighte acu,
—
an fhéidearthacht go ndéanfar comhsheasmhacht a áirithiú idir an Clár, an Plean Gníomhaíochta Loighistice agus clár TEN-T trí bhearta iomchuí a dhéanamh chun leithdháileadh na gcistí comhphobail a chomhordú, go háirithe le haghaidh Mhótarbhealaí na Farraige,
—
an fhéidearthacht go bhféadfadh na costais a thabhaítear i dtríú tír a bheith cáilithe más gnóthais ó Bhallstát a chuireann an ghníomhaíocht i gcrích,
—
an gá atá le saintréithe sonracha na hearnála uiscebhealaí intíre, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide na hearnála sin, a chur san áireamh, mar shampla trí shainchlár le haghaidh na hearnála uiscebhealaí intíre,
—
an fhéidearthacht go bhféadfaí an Clár a leathnú chuig tíortha comharsanacha, agus
—
an fhéidearthacht go bhféadfaí an Clár a oiriúnú tuilleadh chun fónamh do na Ballstáit oileánda agus oileánracha.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|