|
+Airteagal 16 12. |
Airteagal 16 12.I gcás ina ndéanfaidh an t-aeriompróir Comhphobail a roghnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 17 seirbhís a idirbhriseadh go tobann, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, i gcás éigeandála, aeriompróir Comhphobail éagsúil a roghnú trí chomhaontú frithpháirteach chun an oibleagáid seirbhíse poiblí a oibriú go ceann tréimhse nach faide ná seacht mí, nach mbeidh inathnuaite, faoi na coinníollacha a leanas:
(a)
aon chúiteamh a íocfaidh an Ballstát, íocfar i gcomhlíonadh Airteagal 17(8) é;
(b)
déanfar an roghnú as measc na n-aeriompróirí Comhphobail i gcomhlíonadh phrionsabail na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe;
(c)
seolfar glaoch nua ar thairiscint. Cuirfear an nós imeachta éigeandála agus na cúiseanna a bhí leis in iúl gan mhoill don Choimisiún agus don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann. Arna iarraidh sin do Bhallstát nó do Bhallstáit, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) an nós imeachta a chur ar fionraí má mheasann sé tar éis a mheasúnaithe nach gcomhlíonann sé ceanglais na míre seo, nó go bhfuil sé contrártha ar shlí eile do dhlí an Comhphobail. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|